Iarratas a dhéanamh ar thithíocht shóisialta
Tugaimid tacaíocht thithíocht shóisialta do dhaoine nach féidir leo teach a chur ar fáil dóibh féin. Is féidir leat iarratas ar theach a dhéanamh i gceantar Fhine Gall agus má shásaíonn tú na riachtanais incháilitheachta cuirfear tú ar an Liosta Feithimh Tithíochta.
Tá éileamh ard ar thithíocht shóisialta agus nuair a dhéanann tú iarratas ar thithíocht, cuirfear tú ar Liosta Feithimh. Is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh tú ag fanacht ar feadh 7 mbliana ar a laghad sular féidir linn teach a thairiscint duit (ag brath ar do riachtanas tithíochta). Faigh amach an bhfuil tú incháilithe do thithíocht shóisialta, conas a oibríonn an próiseas leithdháilte, agus íoslódáil foirm iarratais ag bun an leathanaigh seo. An bhfuilim cáilithe do thithíocht shóisialta?
An bhfuilim Cáilithe Do Thithíocht Shóisialta?
Chun iarratas ar thithíocht a dhéanamh linn is gá duit:
a) a bheith i do chónaí i gceantar Fhine Gall nó
b) nasc áitiúil a bheith agat le ceantar Fhine Gall
Cad é an nasc áitiúil?
Tá nasc áitiúil agat má:
1) Bhí duine den teaghlach ina gcónaí sa cheantar (ar feadh tréimhse leanúnach 5 bhliana) ag aon am, nó,
2) Tá duine den teaghlach fostaithe sa cheantar nó laistigh de 15 ciliméadar den cheantar, nó,
3) Tá duine den teaghlach in oideachas lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó in aon fhoras oideachais eile sa cheantar, nó,
4) Tá duine den teaghlach, a bhfuil máchail sheasmhach fhisiciúil, chéadfach, shláinte intinne nó intleachta orthu, ag freastal ar fhoras bainteach oideachais nó leighis sa cheantar, nó,
5) Tá duine gaolta le haon bhall den teaghlach ina gcónaí sa cheantar agus ina gcónaí anseo ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
I gcúinsí an-speisialta is féidir linn glacadh le hiarratas ó dhuine nach bhfuil cáilithe trí nasc áitiúil a bheith acu nó nach gcónaíonn sa cheantar más féidir leat a thaispeáint nach féidir ach le Comhairle Contae Fhine Gall do riachtanas tithíochta a shásamh.
Leibhéal Incháilitheachta Ioncaim
Chun go mbeidh tú incháilithe chun iarratas ar thithíocht a dhéanamh, ní mór do d’ioncam a bheith laistigh de na bandaí ioncaim atá leagtha amach thíos;
Má tá tú: |
Uas-teorainn Glanioncaim |
Singil |
€35,000 |
2 daoine fásta, gan leanaí |
€36,750 |
1 duine fásta,1 leanbh |
€35,875 |
1 duine fásta, 2 leanbh |
€36,750 |
2 daoine fásta, 1 leanbh |
€37,625 |
2 daoine fásta, 2 leanbh |
€38,500 |
2 daoine fásta, 3 leanbh |
€39,375 |
2 daoine fásta, 4 nó níos mó |
€40,250 |
3 daoine fásta, 4 nó níos mó |
€42,000 |
Stádas Dlíthiúil in Éirinn agus Iarratas Tithíochta a Dhéanamh
Más Náisiúnach neamh LEE tú d’fhéadfá cáiliú chun iarratas tithíochta a dhéanamh faoi cheann de na critéir atá liostaithe anseo Stádas Dlíthiúil in Éirinn agus Iarratas Tithíochta a Dhéanamh
Conas a ndéanfaidh mé iarratas?
Caithfidh tú Foirm Iarratais Tithíochta a líonadh agus déan cinnte go gcuireann tú ar fáil na doiciméid thacaíochta uile a theastaíonn. Is é an bealach is fearr chun d’fhoirm iarratais a chur isteach teacht chomh fada le hOifig Bhaile Bhlainséir áit a rachaidh oifigeach tithíochta tríd an fhoirm in éineacht leat lena chinntiú go bhfuil sé líonta ina iomláine. Má sheolann tú isteach foirm nach bhfuil líonta ina iomláine, cuirfidh sé moill ar phróiseáil d’iarratas.
Na doiciméid gur gá duit a thabhairt leat
Nuair a thugann tú cuairt ar an gcuntar poiblí chun d’iarratas a dhéanamh, beidh ort an liosta doiciméad seo Doiciméid a Theastaíonn do d’Iarratas Tithíochta 2013 a bheith tugtha leat agat. Tabhair leat na doiciméid bhunaidh le do thoil, agus cóipeanna de na doiciméid.
Bí ar an eolas go bhféadfadh 12 seachtain a bheith caite sula mbeidh d’iarratas próiseáilte. Gheobhaidh tú fógra scríofa lena insint duit ar glacadh nó nár glacadh leat ar liosta tithíochta na Comhairle.
Doiciméad na Scéime Leithdháiltí Tithíochta
Doiciméid
Foirm Iarratais Tithíochta
Doiciméid a Theastaíonn do d’Iarratas Tithíochta 2013
Doiciméad na Scéime Leithdháiltí Tithíochta
Déan Teagmháil Linn
Ríomhphost : housing@fingal.ie
Teileafón: (01) 8905994 do Thuaisceart Bhaile Átha Cliath nó (01) 8905380 do Bhaile Átha Cliath 15
Nó tabhair cuairt orainn ag aon cheann dár gcuntar tithíochta;
Uaireanta oscailte dár gcuntar tithíochta in Áras an Chontae, Sord
Luan go Déardaoin 9:00rn - 1:00in agus 2:00in - 4:00in
Aoine 9:00rn - 4:00in
Uaireanta oscailte dár gcuntar tithíochta in Oifigí na Cathrach, Baile Bhlainséir
Luan go Déardaoin 9:30rn - 4:30in
Aoine 9:30rn - 4:00in