Páirc San Caitríona / Diméin Leamhcáin

Tá Páirc San Caitríona / Diméin Leamhcáin lonnaithe i gcontaetha Fhine Gall, Chill Dara, agus Átha Cliath Theas. Cuimsítear ann 200 acra d’fhearann coille agus de thalamh féaraigh. Tá an Life ina teorainn idir tailte Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ó dheas agus an chuid eile den pháirc.Cliceáil anseo chun féachaint ar íomhá 360 céim den pháirc

Uaireanta Oscailte

Ó éirí go luí na gréine, le cead isteach gan srian do choisithe ó Eastát Glendale i gCo. Chill Dara. 

I ngluaisteán agus de shiúl na gcos

Tá bealach isteach d’fheithiclí agus páirceáil lonnaithe mar seo a leanas:
In aice leis an Ascaill Dhubh i gContae Chill Dara; 
Ón mbóthar idir Leamhcán agus Cluain Aodha; 
Gar do Láithreach Con i bhFine Gall; 
Ó Bhóthar Léim an Bhradáin (an R835) i Leamhcán, Contae Átha Cliath Theas.

Tá droichead coisithe thar an abhainn sa pháirc, agus is féidir le coisithe dul isteach idir Léim an Bhradáin agus Leamhcán air sin.

Áirítear iad seo a leanas i measc phríomhúsáidí áineasa agus taitneamhachta na páirce:
siúl, lena n-áirítear siúl leis an madra, bogshodar, rothaíocht, spórt foirmiúil (sacar agus peil Ghaelach go príomha) agus canúáil. 

Suíomh an-chiúin is ea Páirc San Caitríona chun siúl trí mheascán de ghnéithe stairiúla, radhairc áite, coillearnach agus abhainn.

Bíonn go leor daoine ag bogshodar sa pháirc freisin. Tá lúba éagsúla idir 2km agus 5km ar fad leagtha amach tríd an gcoill, feadh aibhneacha agus timpeall ar pháirceanna, a chuireann éagsúlacht ar fáil do chuairteoirí spórtúla.

Téann Ionsaí na Life, rás canúála 25 mhíle a bhfuil cáil air, tríd an gcuid seo den abhainn. Bíonn an-tóir ar an gcanúáil gar don chora toisc go bhfuil loc-chomhla ann. 

Ina theannta sin, d’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall páirc cruicéid sa pháirc le déanaí.

Déan Teagmháil Linn

Rannóg na bPáirceanna 
Fón (01) 890 5629 
Facs (01) 890 5649 
Ríomhphost: Parks@fingalcoco.ie