Ríomhsheirbhísí agus Cúrsaí Foghlama Ar Líne
Íoslódáil closleabhair, ríomhleabhair, irisí agus nuachtáin ón réimse leathan atá ar fáil. Cuirimid na céadta cúrsa ar fáil freisin saor in aisce do gach ball de Leabharlanna Fhine Gall.
Déan an Aip a Íoslódáil
Anois is féidir leat teacht ar theideal, rud a chur in áirithe, rud a fháil ar iasacht nó rud a athnuachan, go díreach ar do ghuthán póca.
Cianchuardach catalóige
|
|
Gnéithe na hAipe
Scanadh barrachód
Cén fáth a gceannófá rud nuair is féidir leat é a fháil ar iasacht? Ligeann an aip seo duit an barrachód ar aon teideal, in aon áit, a scanadh agus ansin an catalóg a chuardach le fáil amach más féidir leat é a fháil ar iasacht.
Faisnéis leabharlainne
Ó imeachtaí go huaireanta oscailte go treoracha, tá seirbhís a ndéantar í a nuashonrú go minic agus a thugann duit gach faisnéis a theastaíonn uait.
agus go leor rudaí eile chomh maith!
Tacaíocht
Mar thacaíocht agus tú ag baint úsáide as an aip, déan teagmháil libraries@fingal.ie
Comics Plus
Tá lúcháir ar Leabharlanna Fhine Gall go bhfuil an tseirbhís nua seo ag cur lenár mbailiúchán ríomhsheirbhísí. Tugann ComicsPlus rochtain neamhtheoranta ar os cionn 19,000 teideal greannán agus úrscéal grafach. Níl le déanamh ag baill den Leabharlann ach Cuntas a chruthú. Is féidir le baill íoslódáil a dhéanamh ar ar Aip 'ComicsPlus Library Edition' le haghaidh gléasanna Apple- tá Aip Android le teacht níos faide anonn sa bhliain. Cliceáil anseo chun úsáid a bhaint as an tseirbhís seo.
Nuachtáin agus irisleabhair dhigiteacha
Bain úsáid as uimhir do chárta leabharlainne chun logáil isteach agus triail a bhaint as an tseirbhís nua seo a ligeann duit féachaint ar 2000 nuachtán ó 100 tír i 60 teanga. Féach anseo ar -Library.PressDisplay.com - Tá treoir d’úsáideoirí anseo -
Irisleabhair Zinio
Cúrsaí ar líne
Anseo thíos tá nasc chuig an LGMA Universal Class nua. Beidh ar bhaill leabharlainne a bhí cláraithe leis an tseirbhís a úsáid ar an sean-nasc athchlárú arís. Má tá tú leath bealaigh trí chúrsa ar an sean-nasc cuir ar aghaidh chugainn do chuid mionsonraí, le do thoil – uimhir an iasachtaí + ainm an úsáideora + pasfhocal go librariesHQ@fingal.ie agus cuirfidh muid do chuid sonraí leis an nasc nua.
Tá os cionn 500 cúrsa ar fáil againn le Universal Class. Is féidir leat do rogha rud a phiocadh ón gCuntasaíocht agus Leabharchoimeád go Staidéir Spioradálta. Aimsigh cúrsa a bhfuil spéis agat féin ann.
Bunachar sonraí Proquest ar líne
Seachadaíonn International Newsstand nuacht fud fad an domhain, ag cur faisnéise ar fáil ó nach mór 700 de na nuachtáin is mó ar domhain. Tá teacht ar nuacht réigiúnach agus nuacht áitiúil ó thíortha ar fud an domhain agus cabhraíonn sin le taighdeoirí comparáid a dhéanamh idir pheirspictíochtaí na n-áiseanna nuachta is cóngaraí don áit lena mbaineann na himeachtaí.
I measc na gcineálacha foilseachán tá Nuachtáin
- Seirbhís nuachta
- Irisleabhair
- Trádirisí
- Irisí Scolártha
- Fothaí sreinge

