Seó Blasanna Fhine Gall

Teach agus Feirm An Dhroichead Nua  29 & 30 Meitheamh

 

Flavours 2019

Filleann Seó Blasanna Fhine Gall go dtí Teach agus Feirm an Dhroichead nua, Domhnach Bat le haghaidh mórimeacht dhá lá a nascann radharcanna agus fuaimeanna seó talmhaíochta le heispéireas bia agus spraoi teaghlaigh dodhearmadta.  

Óstáilfidh an fhéile a bheidh ar siúl ar Satharn, an 29ú agus Domhnach, an 30ú Meitheamh, meascán de nithe is díol spéise beadaithe, eachaíochta agus feirmeoireachta lena n-áirítear: stainníní bia le bianna speisialta a tháirgtear go háitiúil, taispeántais ceirde agus cócaireachta, taispeántais madra caorach agus géanna; seóanna beostoic; ceol beo agus siamsaíocht.

Tá iontráil chuig an imeacht saor in aisce dóibh siúd a úsáideann iompar poiblí agus fógrófar an clár iomlán maraon le gairm ghrianghraf i dtús mhí an Mheithimh. Tá Blasanna Fhine Gall á óstáil ag Comhairle Contae Fhine Gall agus á thacú go brodúil ag Tesco Éireann.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais agus nuashonraithe, tabhair cuairt ar www.flavoursoffingal.ie  nó lean

@flavoursoffingal ar Facebook, Instagram agus @flavoursfingal ar Twitter.